Tá cruthúnas go raibh peil agus iomáint á himirt sa Spidéal sa 18ú aois de réir an bhailiúcháin de chuid Cumainn Bhéaloideas Éireann atá sa Leabharlann Náisiúnta.
Tagraíonn an Br. Liam P Ó Cathnia dó sin ina leabhar bhreá Scéal na hIomána, áit a ndeir sé agus é ag caint ar an líon daoine a bhíodh ar na foirne, go bhfuil fianaise ann go mba idir dheichniúr agus chúig dhuine dhéag ba ghnáthaigh a bheith ar fhoirne i gceantar an Spidéil, de réir an eolais a bhailigh an Coimisiún Béaloideasa i 1966 ó fhear a raibh Michael Lyons air, a bhí 90 bliain d’aois agus ina chonaí i dTreasna, Maigh Locha.
Sa gcaibidil sin faoi líon na bhfear a bhíodh ar fhoirne, tá cur síos freisin ag Ó Caithne ar mhianach an bháire, a bhíodh garbh go leor amanntaí.
In áiteacha , cheadaítí fir ionaid in áit an té a ghortófaí agus tá an Spidéal luaite mar cheann de na háiteachaí sin.
Ní baileach gur leis an Spidéal a bhaineann sé, ach tá alt i leabhar Uí Chathnia atá thar a bheith spéisiúil.
Cuntas atá ann ar imirt pheile, nó liathróid coise, mar a thugann seisean air, ar na dubhachanna i gCarna sa 19ú céad.
Ar ndóigh sula raibh fáil ar liathróid, ar shliotar ná ar chamán, bhí an charraíocht ar cheann de mhór-spórtanna nan Gael.
Bhíodh babhtaí di i gclós na scoile agus mé féin ag an scoil bheag.
Fiú le bunú Chumann Lúthchleas Gael in 1884, thugtaí cead-carraíochta le linn cluichí an bhliain ba thúisce a raibh an Cumann ar an bhfód.
Ní mé an lena linn sin, roimhe, nó ina dhiaidh, a tharlaíodh a leithéid seo i gCarna, ach tá an cuntas seo as an gceantar i mBailiúchán an Chumainn Bhéaloiseasa agus a tógadh ó Pháraic Mac an Iomaire (67) as Coillín i gCarna i 1936.
“Sé an chaoi a bheidís ar deireadh, ag fairiú ar a chéile agus cor-caraíocht á fhéachain.
Bhéarfadh beirt fhear ar a chéíle – fear ó gach aon taobh, ‘a coraíocht agus ar an bpointe a mbéarfadh siad sin ar a chéile, b’fhéidir go mbéarfadh beirt agus beirt eile ar a chéile.
Agus nuair a thosóidís ag caraíocht , sheasfadh an méid eile a bheadh ar a’ dumhach suas ‘a breathnú orthab agus ní bhuailfí aon chic ar an liathróid nó go dtríáilfeadh na fir sin a chéile, go bhfeicí cé acub fir ab fhearr.
Bhíodh seanfhir ann ag breathnú orthu agus gasúir, ach ní bhíodh mórán mná ag breathnú orthub chor ar bith agus sén chaoi is mó b’fhéidir a gcaithfí an lá ‘a tríáil a chéile a’ coraíocht agus bhíodar ina gcoraithe thar cionn.
Agus nuair a bheidís tuirseach gon choraíocht, chaithfí amach an liathróid arís agus thósóidis gá ciceáil, nó go bhfeicidís cén taobh is mó a dhéanfadh grúchtáil gon taobh eile.
Bheidís ar an mbealach sin nó go mbeidís tuirseach…..agus arís b’fhéidir faoi cheann seachtaine, go ndéanfaidís an rud céanna.”
Bhí an ‘cor-coise’ ar cheann de na feallanna ba choitianta agus cé go measann daoine áirithe gur é bunú Chumann Lúthchleas Gael ba mhó a d’fhág cosc ar siúd, tugann bailiúchán an Chumann Béaloideais nach raibh aon ghlacadh sa Spidéal leis i bhfad roimhe sin.
“Chuirfeadh an captaen den pháirc lucht cor-coise sa Spidéal, mar nach mbídís ach ag tosú achrainn,” a dúirt Seán Ó Curraoin (78 bliain) as Baile Láir, Ros a Mhíl, leis an gCoimisún. Dúirt an Curraoineach freisin.
“Fear a d’imreodh go fealltach sa Spidéal, chuirfeadh a chaptaen fhéin den fhaiche é agus thugadh fear úr isteach ina ionad.”
Iománaíocht amháin a bhí á imirt sa dúiche sin agus dála formhór na n-áiteacha eile a mbíodh an cluiche sin á imirt, ba crúca, gur beag cosúlachta a bheadh aige le camán an lae inniu, a bhí á úsáid freisin ar an Spidéal. Cineál ‘camóige’.
As tum aitinn a bhaintí é i gcás daoine óga agus ba ‘spealóg’ a thugtaí air.
Togha na fuinseoige a bheadh sa gcamán don bháireoir-fásta.
Ba iomaí sin bealach lena lúbadh.
I bpota na bhfataí a sháití ceann a mhaide i gCo. a Chabháin; i bpíopa de short éicint i nDeisceart Ros Comáin; in uisce na dturnapaí i Longfort; in aoileach capaill in Aontroim.
Deir Seán Ó Curraoin go mba, “In iomar muice a chuirtí le camadh é, sa Spidéal”.
Le linn an tSamhraidh ba mhó a déantaí an imirt sa tsean aimsir, ach tá an Spidéal ar cheann de na háiteacha ina raibh cuimhne ar ‘Bháirí Nollaig” a bheith á n-imirt, rud a bhí neamhchoitianta go maith. Seán Ó Curraoin a dhearbhaigh sin don Choimisiún Béaloideasa.
Tá a fhios againn ar fad go mba sa mbliain 1884 a bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael ach bhí tús an 20ú céad linn sular chláraigh aon chumann as an taobh seo den Choirib – Rathún ba thúisce a rinne sin i bhfíor-thús an chéid; Maigh Cuilinn 1907, Cill Aithnín 1908 agus bhí foireann shinsear Peile ag an gClochán i gCraobh an Chontae i 1910. Chuala mé an bhliain 1906 luaite le bunú an Chumainn ar an Spidéal ach tá cúpla bliain eile caite sula bhfuil teach tar aon chruthúnas ar a leithéid a bheith déanta sna cuntais atá coinnithe ag Bord an Chontae.
Tá pictiúr stairiúil ar fáil d’fhoireann iomána de cuid an Spidéil a tógadh i 1912 tar éis dóibh imirt in aghaidh bháireoirí as Chathair na Gaillimhe i gcluiche a himríodh i ‘nGarraí Chonway’ mar a tugadh air ag an am, an píosa talún atá le farraige ar thaobh na Gaillimhe den Dumhach Mhór nó an ‘Prom’ mar atá á thabhairt anois air.

Ar n a hiománaithe as an Spidéal atá sa bpictiúr stairiúil sin tá;
Chun tosaigh: Conchubhair Ó Cuana agus Tomás Ó Conaola
Dara Líne (ó chlé): Micheál Ó Duigneáin, Micheál Ó Droighneáin, (capt), Pádraig Ó Coisdealbha & Peadar Ó Duigneáin;
Tríú Líne (ina seasamh, ó chlé): Johnny Furey, Seoirse Ó Flaithearta. Pat Mhaggie Ó Droighneáin, Brian Ó Cualáin, Pádraig Ó Cualáin, Máirtín Ó Céide, Éamon Breathnach, Tomás Ó Coisealbha, Séamus Ó Murchú.
Chomh maith leis na daoine atá sa bpictiúr sin, thagair Séamus Ó Cualáin as Bothúna, fear a bhí thar a bheith eolach ar chúrsaí peile agus iomána an cheantair , d’iománaithe eile de chuid na linne, in alt breá, a scríobh sé ar an gclár a foilsíodh ag Oscailte na Páirce i 1984 agus a raibh ‘Pádraic ‘Ac Coisdealbha – Gael Dílis’ mar theideal ar.
Orthu sin bhí Micheál Ó Briain (an cúlbáire as Inis Meáin), Mike Pháidín Eddie, Mike Antaine Ó Domhnaill, Mike Sheáinín, Máirtín Mhaidhc Mhóir, Tom Pháidín Tom Ó Coisdealbha agus Joe Tim Ó Curraoin.
Mar a tharla in eagraíochtaí go leor eile, bhí scoilt i gCoiste Contae CLG na Gaillimhe timpeall an ama sin agus bhí tamall ann agus dhá Choiste ag rá go mba iadsan an dream ceart agus dá réir, clubanna faoi leith dílis do thaobh amháin no don taobh eile.
Tháinig deireadh leis sin, o sealadach ar chuma ar bith, i 1913 tráth ar cuireadh na Boird Réigiúnda ar bun agus toghadh Micheál Ó Droighneáin as an Spidéal ina Rúnaí ar Bhord an Iarthair.
Sin an chéad bhliain freisin a bhfuil tagairt i leabhar an Athair Phádraic Ui Laoi, Annals of the GAA in Galway, 1884-1902, d’fhoireann a bheith ar an Spidéal – fhoireann shóisear iomána.
Bhí tuairisc sa gCuradh Connachtach ar an 10ú Bealtaine 1913 ar chluiche iomána a himríodh idir an Spidéal agus foireann a bhfuil Galway tugha uirthi.
De réir nós na linne, agus go deimhin go ceann fada ina dhiaidh, faraor, ní mba ghnáthach le nuachtáin ainmneacha na n-imreoirí a lua go minic ina leithéid de thuairiscí agus go dtáinig na 1950idí fiú, ba é an nós a bhí ann nach dtabharfaí ach sloinne an imreora – gan aon trácht ar a ainm baiste.
Ar aon dath, seo an tuairisc as an gCuradh Connachtach ar an 10ú Bealtaine 1913;
Spiddal 3 goals Galway 2-2
Seldom, if ever, were such crowds assembled in Spiddal and Furbough as were seen there on Sunday Last at the great hosting of the Gael.
It was regrettable that owing to an unforeseen hitch, or a series of hitches, the venue of the hurling match was Spiddal and not Furbough , as originally named.
But in spite of all, the match was witnessed by many hundreds of spectators.
The play was excellent. Galway were to the fore at half-time, which put great determination into the home team, with the result that the final score was. Spiddal 3 goals Galway 2-2.
Conradh na Gaeilge a d’eagraigh an ócáid agus d’iarr Micheál Ó Droighneáin, as an Tuar Beag ó dhúchas agus a bhí ag múineadh scoile sna Forbacha, ar dhaoine as an áit a dhul isteach i gCumann Lúthchleas Gael.
Bhí fógra sa gCuradh Connachtach an bhliain sin 1913 freisin faoi chluiche i gCraobh Shóisir Iomána an Iarthair idir an Spidéal agus an Caisleán Gearr agus ba iad Micheál Ó Droighneáin agus Johnny Furey ionadaithe an Spidéil ag cruinniú de Choiste an Iarthair.
Rinne Concubhair Ó Cuana agus J. Curran ionadaíocht thar son an chumainn ag cruinniú i mí Aibreáin 1913.
Ag cruinniú de Choiste an Iarthair i 1914 …Seoirse Mac Niocaill ina Chathaoirleach agus an Droighneánach ina Rúnaí, ba iad Ó Cuana agus duine de mhuintir Dhuigneáin a rinne ionadaíocht thar ceann chumainn an Spidéil.
I gCraobh Shóisearach Iomána an Iarthair an bhliain sin freisin d’imir an Spidéal in aghaidh Galway City agus in aghaidh Bhearna. I Maigh Cuilinn a himríodh an cluiche idir iad agus Bearna.
“Spiddal played wildly and without any combination and seemed to lack any scientific skill”, a deir an Curadh Connachtach ar an 14ú Feabhra 1914.
B’sin an fáth, is dóigh, ar bhuaigh Bearna 5-3 – 0-0.
Bhí an dá Choiste-Contae ar ais arís i 1916 agus i gCluiche Leathcheannais i Sraith Shóisearach Iomána Iarthair na Gaillimhe a himríodh ar an bPáirc Theas bhuaigh Bleán Rí ar an Spidéal 6-4 – 2-3.
Seo liosta na mbáireoirí a bhí ag an Spidéal, de réir leabhar an Ath Uí Laoi:
Micheál Ó Conghaile, Ó Cualáin, C Ó Cuana, Ó Flaithearta, P Ó Duigneáin, Ó Dómhnaill, P Ó Coisdealbha, Pádraic Ó Droighneáin, Ó Conghaile, M Ó Cuana, M Ó Duigneáin, Breathnach, M Ó Coisdealbha, Ó Cualáin.
Bhuaigh Bearna orthu i gcluiche sraithe eile an bhlain chéanna, 0-31 – 1-0.
Ar ndóigh bhí baill go leor den Chumann Lúthchleas Gael i bpríosún nó ar a dteitheadh ag an am sin, ina measc Cathaoirleach Choiste an Chontae, Seoirse Mac Niocail, an Rúnaí, Stephen Jordan agus Rúnaí an Iarthair, Micheál Ó Droighneáin – an triúr acu sáite i nGluaiseacht na Poblachta agus an Droighneáineach mar cheannasaí ar Bhriogáid Dheiscirt Chonamara de na hÓglaigh.
Ar an méir fhada-cuid mhaith a bhí cúrsaí peile agus iomána le linn Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad.
Níl aon trácht ar aon fhoireann as an Spidéal in Annálacha Chumann Lúthchleas Gael na Gaillimhe ón am ar imir siad An Caisleán Gearr i gCraobh Shóisir Iarthair an Chontae i 1917 go dtáinig an bhliain 1928.
Ach bhí an iománaíocht á cleachtadh sa gceantar ceart go leor agus dlúth-cheangal idir na hiománaithe agus cúrsaí poblachtánachais – ba mhinic leo siúd a bhí ag plé leis an iománaíocht a bheith freisin i mbun ionramhálacha-míleata, faoi scáth an chamáin, ar Pháirc an Choláiste.
Sa mbliain 1918 agus bac ag na Sasanaigh ar imirt na gCluichí Gaelacha, d’eagraigh an Cumann Lúthchleas Gael “Domhnach Gaelach” ar an 2ú Lúnasa agus thug dúshlán na n-údarás.
Seo mar a chuir an Mícheál Ó Droighneáin síos ar an méid a thit amach sa Spidéal an lá sin, sa ráiteas a thug sé i 1951 agus atá ar fáil i gCartlann Mhíleata na hÉireann.
“Ní raibh fáil ar fhoireann a d’imreodh in aghaidh an Spidéil, a deir sé, “agus shocraigh muid cluiche a imirt eadrainn féin ar Pháirc an Choláiste.
Scór again a bhí ann, nuair ba siúd anall an Sáirsint Reidy agus an Constábla Ryan de chuid an RIC.
D’iarr an Sáirsint orainn éirí as an imirt, ach is amhlaidh a tosaíodh ag gáire agus ag magadh faoi.
D’fhan an bheirt tamall maith ar an gcosán isteach, nó gur buaileadh liathróid ina dtreo a leandáil ag a gcosa.
Rug an Sáirsint uirthi agus chuir ina phóca í agus thug an bheirt faoi imeacht go scafánta.
Ach rinne na himreoirí ar fad orthu agus a gcuid camáin crochta san aer acu.
Bhí iarradh den bhithiúnach sa gConstábla Ryan i gconaí agus tharraing seisean amach gunnán agus dúirt go gcuirfeadh piléar sa gcéad duine a thiocfadh ina ghaobhar.
Leis sin, d’ordaigh mé do na buachaillí filleadh ar pháirc na himeartha mar ní raibh uaim go ngoinnfí aon duine.
D’imigh na póilíní, fuair muid liathróid eile agus lean leis an imirt.
Théis leathuaire siúd anall an Canónach Mac Giolla Chainnigh, Rúnaí an Choláiste, agus go cantalach, d’ordaigh dúinn imeacht.
Ní mó ná gur labhair an Sáirsint leis faoin scéal.”
- Is é Mártan Ó Ciardha a bhailigh an t-eolas seo uile mar chuid de léacht a thug sé do Chumann Staire Chois Fharraige i mí na Samhna 2016.