Craobh Idirmheánach Iomána – An Spidéal 1-17 Cill Íomair 1-21
Chuir An Spidéal tús lena bhfeachtas craoibhe tráthnóna Dé Sathairn in aghaidh Chill Íomair. Cé nar bhain muid amach an toradh a bhí uainn, níl aon gá go dtiocfaidh lagmhisneach orainn agus taispeántas maith tugtha ag na himreoirí.
Is iad an cúpla nóiméad roimh agus ina dhiaidh leath ama a rinne an diabhail orainn, Cill Íomair ag aimsiú cúig phointe as a chéile roimh an bhriseadh agus cúl go luath ina dhiaidh. Bhíomar ocht bpointe chun deiridh agus 25 nóiméad fágtha ach rinne na lads ar fheabhas chun an bearna sin a laghdú go dtí aon phointe amháin agus 50 nóiméad imeartha, cúl ag teacht ó Éamonn Ó Conláin ceathrú huaire roimh na críche.
Faraor, ní raibh muid in ann pointe an comhscóir a fháil agus d’éirigh le Cill Íomair cúpla pointe eile a aimsiú roimh dheireadh an chluiche. Na lads amuigh sa gcraobh arís an tseachtain seo agus iad ag imirt Droichead an Chláirín an Aoine beag seo i bPáirc an Phiarsaigh.
Foireann v Cill Íomair: M Dunne; S Ó Droighneán, É Ó hEochaidh, L Ó Conghaile; L Kelly, T Ó Caoimh, M Ó Droighneán; F Cooney, S Ó Curraoin (0-1); PE Ó Curraoin (0-2), M Ó Curraoin; A Ó Curraoin; É Ó Conláin (1-2), C Ó hEochaidh (0-11, 6fs), T Ó Fátharta (0-1). Ionadaithe: A Ó Laoi in áit T Ó Fátharta.